Radaíocht dúchoirp: Difríocht idir leaganacha

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m tagairt
 
(One intermediate revision by the same user not shown)
Líne 1:
An [[radaíocht]] leictreamaighnéadach a astaíonn [[dúchorp]], bíonn dáileadh minicíochta (is [[tonnfhad]]) inti a bhraitheann ar theocht an dúchoirp amháin. Más é 500 K [[teocht]] an [[dromchla]], níl ach [[radaíocht infridhearg]] idir na tonnfhaid 1,500 nm is 100,000 nm i gceist, agus í dofheicthe. Ag teocht 1,000 K, astaíonn dromchla an dúchoirp beagáinín dá radaíocht ag na tonnfhaid dhearga sa raon infheicthe, agus bíonn breo dearg ar an rud. Ag teocht níos airde fós, tarlaíonn radaíocht ar feadh an raoin infheicthe, agus deirtear go bhfuil an rud bánbhruithneach. Go bunúsach, éiríonn an astaíocht radaíochta seo ó ghluaiseachtaí na [[leictreon]] i ndromchla te. Nuair a théitear an t-ábhar ardaítear [[fuinneamh]] gach leictreoin go dtí leibhéal ceadaithe os cionn an bhunleibhéil. Nuair a chailleann leictreon an chéim is lú fuinnimh, astaítear an fuinneamh seo i bhfoirm candaim radaíochta a dtugtar ''fótóin'' orthu. Thaispeáin [[Josef Stefan]] i [[1879]] is [[Ludwig Edouard Boltzmann|Ludwig Boltzmann]] i [[1889]] gur féidir an fuinneamh iomlán astaithe ag dromchla te, E, a scríobh mar fheidhm na dearbhtheochta T: E = σ T<small><sup>4</sup></small>, agus is é σ tairiseach Stefan-Boltzmann. Ag éirí as a staidéar ar radaíocht dúchoirp, thairg [[Max Planck]] i [[1900]] gur cainníocht chandamach í an [[solas]]. Tá an [[piriméadar]] optúil bunaithe ar an radaíocht dúchoirp. Is í an fhoinse solais is tábhachtaí dúinne ar [[An Domhan|Domhan]] ná [[an Ghrian]], arb é 5750 K meánteocht a dromchla. Bíonn a lán tonnfhad i radaíocht dúchoirp na Gréine, idir radaíocht infridhearg dhofheicthe, sholas infheicthe, agus [[radaíocht ultraivialait]] dhofheicthe.<ref name="FreamhanEolais">{{Cite encyclopedia|last=Hussey|first=Matt|author-link=Matthew Hussey|title=Radaíocht dúchoirp|encyclopedia=[[Fréamh an Eolais]]|language=ga|date=2011|publisher=[[Coiscéim]]|page=545}}</ref>
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}