Ba chontae riaracháin in Éirinn í Tiobraid Árann Thuaidh, a chuimsíonn 48% den chontae stairiúil Tiobraid Árann. Bunaíodh sa bhliain 1898 é, agus bhí Comhairle Contae aige ón am sin go dtí 2014, nuair a tháinig sé ar ais le chéile le Thiobraid Árann Theas, sa bhliain 2014 tar éis toghcháin áitiúla. Is í an tAonach an príomhbhaile. Is iad Buiríos Uí Chéin, Durlas, an Port Nua, Ros Cré, agus an Teampall Mór bailte tábhachtacha eile. Nuair a bhí ann do Thiobraid Árann Thuaidh mar chontae riaracháin, bhí sí sa réigiún staidrimh An tIarthar Láir, fad is a raibh Tiobraid Árann Theas sa réigiún An tOirdheisceart. Anois agus Tiobraid Árann ar fad ina contae riaracháin arís, tá an contae ar fad suite san Iarthar Láir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |