Eibhear
Is carraig dhoigheartha gharbhghráinneach (“fanairíteach”) ionsáiteach í eibhear atá comhdhéanta den chuid is mó de ghrianchloch, iathchloch alcaileach, agus plagaclás. Foirmíonn sé as magma a bhfuil cion ard silice agus ocsaídí miotail alcaile ann a fhuaraíonn go mall agus a éiríonn crua faoi thalamh. Tá sé coitianta i screamh ilchríochach an Domhain, áit a bhfaightear é in ionsánna doigheartha, chomh beag le dingeáin atá cúpla ceintiméadar trasna, agus chomh mór le batailítí thar na céadta ciliméadar cearnach. Mar shampla, tugtar “batailít na Gaillimhe” ar an gceantar i gConamara Theas a chuimsíonn Iorras Aithneach, Ceantar na nOileán, agus Cois Fharraige.[1]
Eibhear | |
---|---|
Eapainm | Aswan agus El Berrueco |
Aicmiú | |
Catagóir | Mianra |
Airíonna | |
Cruas Mohs | 6 |
Is sampla tipiciúil de na carraigeacha eibhreacha é eibhear, carraigeacha atá comhdhéanta den chuid is mó de ghrianchloch gharbhghráinneach agus d'iathchloch, i gcomhréireanna éagsúla. Rangaítear na carraigeacha seo de réir na gcéatadáin choibhneasta grianchloch, iathchloch alcaileach, agus plagaclás. Aithnítear an t-eibhear féin as an méid grianchloiche agus iathchloiche alcailí atá ann. Faightear míocaí nó mianraí amfabóil i bhformhór na gcarraigeacha eibhir freisin, cé nach bhfuil aon mianraí dorcha i gcuid díobh (ar a dtugtar leoiceibhear).
De ghnáth, ní bhíonn aon struchtúr inmheánach laistigh d'eibhear, agus bíonn sé an-chrua agus dobhriste. Mar gheall ar na hairíonna seo, úsáidtear eibhear mar chloch tógála go forleathan sa lá atá inniu ann, agus anuas trí ré na staire freisin.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Journal of the Virtual Explorer". Dáta rochtana: 2022-08-26.