Drochthuairim nó iompar claonta in éadan grúpa shóisialta (m.sh. reiligiún áirithe) is ea seicteachas[1]. Is féidir an seicteachas a shainmhíniú mar chóras dearcaidh, creidimh agus gníomhartha in éadan grúpaí reiligiúnacha eile. Cuirtear leis an seicteachas le gach masla, fíor nó bréagach, a thugtar dá bpobal, a gcreideamh, a stair, srl.[2].

Cartún san Éigipt 

Is féidir le daoine aonair, pobail agus institiúidí bheith seicteach. Is é atá i gceist anseo grúpaí eile a smachtú, cearta grúpaí eile a shéanadh agus mí-úsáid a bhaint as cumhacht.[3]

Baineann an seicteachas le ‘tromaíocht’ go minic. Mar shampla:

• an grúpa eile a fhágáil as

• manaí maslacha nó sluáin bhagracha

• séanadh go bhfuil an grúpa eile ann ar chor ar bith

• drochmheas a chaitheamh ar an ghrúpa eile

• imeagla agus ionsaithe fisiceacha

Bíonn iompair a chuireann “bulaíocht” in iúl i gceist sa seicteachas.

 
Na Trioblóidí
 
Sráid Pakenham, Cearnóg Shaftesbury, Béal Feirste, 1981

Seicteachas in Éirinn

cuir in eagar

Deirtear go bhfuil an seicteachas reiligiúnach go smior in Éirinn. Is bac mór ar shochaí ilchultúrtha é an seicteachas, dar le Dr. John Reid, iar-Státrúnaí an Tuaiscirt[4]. “Víreas i gcroí Thuaisceart Éireann,” a thug sé air.

Scríobh Robert McMillen go bhfuil an Tuaiscirt bunaithe ar an seicteachas, ar an scoilt idir an dá phobal agus tá an scoilt sin ann leis.[5] I dTuaisceart Éireann

bíonn baint ag an seicteachas le gnéithe éagsúla den saol: fostaíocht, oideachas, tithíocht srl.

Bhí an seicteachas i réim i gCúíge Uladh i bhfad sular cuireadh cosc ar an Ord Bhuí siúl ar an bhealach chonspóideach sin[6]. Mar shampla, reáchtáladh sléachtanna seicteach i gCúige Uladh sa bhliain 1641.

Sna 1960dií, rinne Gluaiseacht na gCeart Sibhialta gearán go raibh an rialtas aontachtach ag Stormont, agus na comhairlí áitiúla, ag tabhairt tithe do Phrotastúnaigh nuair a bhí i bhfad níos mó Caitliceach gan dídean.

Sa lá atá inniu ann, baineann a lán ceantar tithíochta le reiligiún amháin agus bíonn argóintí idir an pobal náisiúnach agus an pobal Protastúnach faoi chúrsaí tithíochta[7]. Maíonn an pobal náisiúnach, go fóill, nach bhfuil go leor tithe ann dóibh agus go bhfuil talamh folamh agus tithe folmha sna ceantair aontachtacha. Ach os a choinne sin, maíonn an pobal aontachtach go bhfuil bochtaineacht sna ceantair s’acu mar a léiríonn na tithe tréigthe; agus go bhfuil náisiúnaithe ag iarraidh na tithe a bhaint díobh (mar sin de mothaíonn siad faoi bhrú).

Féach freisin

cuir in eagar