Tromsø
Cathair i dTuaisceart na hIorua é Tromsø (IPA: ˈtrʊmsø, Fionlainnis: Tromssa, Laplainnis: Romsa), agus is é príomhchathair an chúige úd Troms fylke é. Ar an 1 Eanáir 2010 bhí 67,230 duine ina gcónaí sa chathair agus sa limistéar a bhaineann léi.
Tromsø | |||||
---|---|---|---|---|---|
Tromsø kommune (nb) Tromsø kommune (nn) Romssa suohkan (se) | |||||
Tromsø | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Iorua | ||||
County of Norway (en) | Troms | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Tromsø | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 77,992 (2023) | ||||
• Dlús | 30.93 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 37,191 (2018) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 2,521.27 km² | ||||
Airde | 20 m | ||||
Pointe is airde | Jiehkkevárri (en) (1,834 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 13 haois | ||||
Eachtra thábhachtach | boundary change (en) (1 Eanáir 1861) boundary change (en) (1 Iúil 1915) boundary change (en) (1 Iúil 1955) boundary change (en) (1 Eanáir 1873) boundary change (en) (1 Eanáir 2008) boundary change (en) (1 Eanáir 1964) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Tromsø | Gunnar Wilhelmsen (2019–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | tromso.kommune.no | ||||
Téann an t-áitreabh daonna san áit naoi míle bliain siar, ach maidir leis an gcathair atá ann inniu, d'fhorbair sí timpeall na heaglaise a tógadh ansin sa bhliain 1252. Is é an t-ainm a baisteadh ar an eaglais ná Santa Maria iuxta paganos, nó Eaglais Mhuire in aice leis na Págánaigh. Tógadh balla mór cosanta timpeall na heaglaise le hionsaithe na Laplannach is na bhFionlannach a stopadh, agus iarsmaí den bhalla fágtha le feiceáil i gcónaí.
Sa bhliain 1794 bronnadh pribhléidí cathartha ar an áit, ach san am sin féin ní raibh ann dáiríribh ach sráidbhaile beag. Sa naoú haois déag, áfach, bunaíodh monarchana agus tháinig borradh faoi shaol eacnamaíochta an cheantair. Tógadh an chéad mheánscoil sa bhliain 1848, agus sa bhliain chéanna cuireadh longcheárta ar bun i dTromsø.
I ndeireadh na naoú haoise déag, bhí an chathair iompaithe ina lárionad tábhachtach trádála, agus maidir leis na taiscéalaithe a thug cuairt ar an bPol Thuaidh, ba í an chathair seo an bhunáit as ar thug siad aghaidh ar an gceann scríbe. Ina measc sin bhí Umberto Nobile, Roald Amundsen, agus Fridtjof Nansen.