Fuarú le léasar
Cuma
Bealach chun luas adamh is ian i ngás a mhoilliú trí iad a thuargaint le solas léasair. Úsáidtear é in ianghaistí is adamhghaistí. Nuair a imbhuaileann fótón ón léasar le hadamh atá ag teacht ina choinne, ionsúnn an t-adamh an fótón fuinnimh agus athastaíonn é go luath ina dhiaidh sin i dtreo randamach, rud a laghdaíonn luas an adaimh sin. De réir a chéile laghdaítear luas gach adaimh, agus is ionann sin is laghdú i bhfuinneamh na n-adamh sa soitheach, agus mar sin i dteocht an gháis ina iomláine.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fuarú le léasar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 293.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |