Is é an Coimisiún Eorpach brainse feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh. Ar na príomhróil atá aige tá:
- reachtaíocht a mholadh
- cinntí a chur i bhfeidhm
- conarthaí an Aontais a chaomhnú
- bainistiú a dhéanamh ar ghnó an Aontais ó lá go lá.
Is é an Coimisiún atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear beartais agus dlíthe an Aontais i bhfeidhm i gceart ar fud na mBallstát, as comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú thar ceann an Aontais, agus as buiséad an Aontais a bhainistiú. Ina theannta sin, déanann sé ionadaíocht ar leasanna an Aontais ar an leibhéal domhanda, rud a chinntíonn cur chuige comhordaithe i measc thíortha an Aontais.
Straitéis fhoriomlán an Aontais agus a chuid beartas a fhorbairt
Reachtaíocht an Aontais a mholadh agus a chur i bhfeidhm
Buiséad an Aontais a mholadh agus a chur i bhfeidhm agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais a bhainistiú
Beartas forbartha a dhearadh, comhaontuithe a chaibidliú agus cúnamh a chur ar fáil ar fud an domhain