Jean Bodel
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1165 Arras, An Fhrainc |
Bás | c. 1210 44/45 bliana d'aois Beaurain, An Fhrainc |
Siocair bháis | Lobhra |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht mheánaoiseach, fabliau agus Litríocht na Fraince |
Gairm | file, scríbhneoir, trúbadóir |
Seánra | Chanson de geste, amharclannaíocht agus filíocht |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Trouvère-oirfideach ón gcathair Arras na Fraince ab ea Jean Bodel, nó Jehan Bodel. Do rugadh é thart ar an mbliain 1165 agus do fuair sé bás thart ar an mbliain 1210. Do bhain sé clú agus cáil amach leis na chansons de geste agus na fabliaux a scríobh sé as Sean-Fhraincis.
Is é Bodel a scríobh an Chanson des Saisnes (Gaeilge: 'Bailéad na Sacsanach'), bailéad faoin gcogadh a chuir Séarlas Mór ar na Sacsanaigh agus ar a dtaoiseach, Widukind - nó Guiteclin, mar a thugann Bodel air. Scríobh Bodel an Jeu de saint Nicolas (Gaeilge: 'Dráma Shan Nioclás') leis. Dráma is ea an Jeu de saint Nicolas a insíonn faoin gcaoi ina gcuireann San Nicolás ar ghadaithe, gadaithe a bhí tar éis ciste a ghoid ón rí, an ciste sin a thabhairt thar n-ais. Chomh maith leis an dá phíosa sin, do scríobh Bodel go leor fabliaux, Brunain la vache au prêtre (Gaeilge: 'Brunain, bó don sagart') ina measc.
Dob é Bodel an chéad duine, a bhfuil aithne againn air, a chuir ord ar na hábhair fhinscéalacha agus na ciogail liteartha a mbunaíodh scríbhneoirí Fraincise na Meánaoise a gcuid saothar orthu. Roinn sé na hábhair agus na ciogail sin i dtrí fhoghrúpa: an matière de Rome (Gaeilge: 'Ábhar na Róimhe'), nó na scéalta a bhaineann leis an Ré Chlasaiceach; an matière de Bretagne (Gaeilge: 'Ábhar na Breataine'), nó na scéalta a bhaineann leis an Rí Artúr; agus an matière de France (Gaeilge: 'Ábhar na Fraince'), nó na scéalta a bhaineann le Séarlas Mór agus na ridirí a bhí aige.
Sa bhliain 1202, tháinig an lobhra ar Bhodel agus chuaigh sé isteach i lobharlann, áit inar chaith sé na blianta deireanacha dá shaol. Agus an lobhra tagtha air, scríobh sé Congés (Gaeilge: 'Beannachtaí an té a imíonn'), sa dán sin chuir Bodel a bheannacht lena chairde agus leis an gcathair inar rugadh é. Ní hé An Bás ábhar an dáin a scríobh Bodel, ach bás an fhile féin. Ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar phearsa agus ar shaol an fhile, tá áit lárnach ag an ndán seo i stair litríocht na Fraince: Ba iad Congés le Bodel agus na Rainn faoin mBás a scríobh Hélinand de Froidmont a chuir tús le modh nua filíochta i dtraidisiún na Fraince, filíocht phearsanta. Is filíocht den saghas sin a scríobhfadh Rutebeuf, duine desna filí Francacha is iomráití díobh siúd a scríobh sa Meánaois.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |