Éilips
Cuma
Cineál | non-degenerate conic section (en) , superellipse (en) , cartesian oval (en) , Lissajous curve (en) , hypotrochoid (en) agus n-ellipse (en) |
---|---|
Tuilleadh eolais | |
MathWorld | Ellipse |
Sa mhatamaitic, lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfanann suim an dá fhad ó dhá phointe fhosaithe (na fócais) tairiseach. Is féidir é a shainmhíniú freisin mar thrasghearradh cóin dhúbailte, nó lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfuil a fhad ón bhfócas i gcomhréir lena fhad ó líne fhosaithe (an treoirlíne), agus an tairiseach comhréire níos lú ná 1. Is í seo cothromóíd éilips i gcomhordanáidí Cairtéiseacha: x2/a2 + y2/b2 = 1. Is í cothromóid pholach éilips, agus an fócas mar phol is an phríomhais mar threoirlíne, ná r = 1/(1 + e cos θ). Gluaiseann na pláinéid timpeall na Gréine in éilipsí, agus is iomaí úsáid a bhaintear as an gcruth san ealaín is an ailtireacht.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Éilips". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 242.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |