Ailse phróstataigh
Is éard is ailse phróstataigh ann ná cineál ailse a fhorbraíonn sa phróstatach, faireog sa chóras atáirgthe fireann. Fásann an chuid is mó d'ailsí próstatacha go mall, ach tarlaíonn cásanna d'ailsí próstatacha ionsaitheacha áfach. Féadfaidh cealla fás agus táirgeadh cóipeanna as smacht agus leathadh amach chuig codanna eile de chuid an choirp, go háirithe na cnámha agus na nóid limfe. Is cionsiocair í an ailse phróstataigh leis an phéin, deacrachtaí múnta, fadhbanna le linn caidreamh collaí, nó mífheidhmiú ardúcháin. D'fhéadfadh comharthaí eile a fhorbairt le linn céim níos déanaí an ghalair.
Athraíonn rátaí braite na hailse go forleathan ar fud an domhain, le rátaí braite níos lú i nDeisceart agus in Oirthear na hÁise ná san Eoraip, agus go háirithe na Stáit Aontaithe. Bíonn claonadh ann go mbíonn ailse próstatach a fhorbairt i bhfir os cionn caoga bliain d'aois. Sa domhan ar fad, is í an séú phríomhchúis le bás na bhfear ina mbíonn ailse freagrach as. (sna Stáit Aontaithe tá sí sa dara háit). Tá ailse próstatach coitianta sa domhan forbartha agus tá méadú ag teacht ar fud an domhain atá i mbéal forbartha. Mar sin féin, bíonn go leor fear nach mbíonn comharthaí d'ailse próstatach acu, nach bhfaigheann aon teiripe, agus ar deireadh thiar, a fhaigheann bás de cúiseanna neamhghaolmhara eile. Ceaptar go mbíonn baint ag a lán fachtóirí, lena n-áirítear géineolaíocht agus aiste bia, gafa le teacht chun cinn na hailse.
Is féidir le láithreacht na hailse a léiriú trí na hairíonna seo a leanas a mheas; scrúdú fisiciúil, leibhéal na hantigene-sain-phróstatach (ASP), nó toradh scrúdaithe bithóipse. Méadaíonn tástáil sain-antaigin próstatach ar na seansanna na hailse a aimsiú ach ní laghdaíonn an ráta básmhaireachta. Mhol an 'United States Preventive Services Task Force' (USPSTF) sa bhliain 2012 i gcoinne scagadh le haghaidh ailse próstatach ag baint úsáide as an tástáil ASP, mar gheall ar an mbaol go ndéanfaí ró-diagnóis agus nó ró-chóireáil, leis an chuid is mó de na hailse próstatacha fágtha aisiomptómach. Baineann an USPSTF an tátal as nach tairbhe féideartha tástála ná na díobhálacha a dtéann leo.[1]
Ba chóir straitéisí bainistíochta le haghaidh ailse próstatach a bheith faoi stiúir déine an ghalair. Is féidir go leor siadaí le íseal-riosca a leanúint go sábháilte le faireachas gníomhach. Go ginearálta, bíonn máinliacht i gceist sa chóir leighis, cineálacha éagsúla teiripe radaíochta, nó, go neamhchoitianta, criómháinliacht; coimeádtar hormóintheiripe agus ceimitheiripe, go ginearálta, do chásanna aibithe den ghalar (cé gur féidir teiripe hormónach a thabhairt le chéile le radaíocht i gcásanna áirithe). Bíonn aois agus sláinte bhunúsach an fhir, méid na meiteastáise, dealramh faoin micreascóp agus freagra na hailse roimh chóireáil thosaigh, tábhachtach sa chinneadh i dtaobh toradh an ghalair. Is comhbhabhtáil í an cinneadh, an cheart nó nach cheart, cóir leighis a chur ar bun más ailse phróstataigh locáilte í (siad atá taobh istigh den phróstatach) idir na héifeachtaí a bhéas súile tairbheacha leo agus iad siúd a bhéas súile díobhálacha leo, ó thaobh marthanais an othair agus ar cháilíocht bheatha an othair.
Comharthaí agus airíonna
[cuir in eagar | athraigh foinse]De ghnáth, ní bhíonn airíonna ar bith ag éirí as luath-ailse phróstataigh. Uaireanta, áfach, bíonn airíonn ag dul le luath-ailse próstataigh, go minic cosúil leis na cinn a bhfaightear le galair, a mhacasamhail agus hipearpláise phróstatach éadrom. Ina measc siúd bíonn fualachán go minic, nochtúire (méadú ar an bhfual san oíche), fadhb ag tosú agus ag chothabháil sruth seasta an fhuail, hematúre (fuil san bhfual), agus disúire (pian ag dul leis an bhfualachán). Bíonn airí amháin nó airíonna ag tuairim is aon trian de na hothair a bhfuair diagnóis dheimhneach go raibh ailse phróstataigh acu, cé nach mbíonn airíonna ar bith ag dhá thrian acu.
Bíonn baint ag an ailse phróstataigh le mífheidhmiú fualacháin toisc go mbíonn a úiréadra mórthimpeallaithe ag an bhfaireog phróstatach. Dá bhrí sin, bíonn éifeacht dhíreach le hathruithe laistigh den fhaireog ar fheidhm fhualacháin. Toisc go bhfágann an vas deferens sreabhach seamhain isteach san úiréadra prostatach, agus go mbíonn táil ón bhfaireog phróstatach féin san áireamh in ábhar an seamhain, is féidir le hailse phróstataigh freisin fadhbanna a chruthú i dtaobh an oibrithe agus na feidhme gnéasaí, ar nós eacracht le héirí nó adharc a bhaint amach nó le seadadh pianmhar.
Is féidir hailse phróstataigh aibithe leathadh amach cguig codanna eile de chuid an choirp, agus b'fhéidir a bheith freagrach as airíonna breise. Is é an airí is coitianta ná pian sna cnámha, go minic sna veirteabraí (cnámha an droma), an peilbheas, nó na heasnacha. De ghnáth, bíonn scaipeadh na hailse isteach sna cnámha eile, mar shampla, an féimear nó cnámh na leise, go dtí taobh neasach na cnáimhe. Is féidir le hailse phróstataigh brú freisin a chur ar chorda an dromlaigh, agus a bheith ina chúis laige coise agus le neamhchoinneálacht fhualach agus fhaecach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bí ag ithe torthaí agus glasraí chun do sheans ailse phróstataigh (prostate) a laghdú faoi leath - Extrag.ie" (en-GB) (2024-05-02). Dáta rochtana: 2024-05-10.