Jump to content

Aló

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAló
Aloe Cuir in eagar ar Wikidata

Aloe hereroensis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo dealó Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsparagales
FineAsphodelaceae
FofhineAsphodeloideae
GéineasAloe Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochAloe disticha Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Géineasbaininscneach Cuir in eagar ar Wikidata
Stórálann plandaí súmhara, ar nós an aló seo, uisce ina ramhardhuilleoga móra, ina ngais, nó ina bhfréamhacha, mar a thaispeántar sa scoilt seo de ramhardhuilleog aló. Ligeann sé seo dóibh marachtáil in aeráidí tur.
Aloe Vossii

Glaotar aló[1] (nó fóifíneach;[2] géineas Aloe as Laidin) ar ghéineas phlandaí, ina bhfuil timpeall 500 speiceas plandaí blátha súmhara. Is é an t-aló íceach (Aloe vera as Laidin — a chiallaíonn “an fíoraló”) an speiceas is cáiliúla. Géineas dúchasach don Afraic atá ann, agus is minic a fhaightear é i gCúige Rinne na hAfraice Theas, i sléibhte na hAfraice Trópaicí, agus i gceantair ghaolmhara ar nós Madagascar, Leithinis na hAraibe, nó ar oileáin na hAfraice.

Is minic a shaothraítear an t-aló mar phlanda maisiúcháin do gharraithe agus potaí araon. Úsáidtear an t-aló íceach ar dhaoine go hinmheánach agus go seachtrach, mar síltear go bhfuil araíonna leighis aici. Is féidir uachtar bog a dhéanamh den ghlóthach ina duilleoga a chneasaíonn dónna ar nós griandó. Freisin is féidir cineálacha gallúnaigh speisialta a dhéanamh astu.

Tá timpeall 400 speiceas den ghéineas Aloe ann. Samplaí ná:

  • Aloe albiflora — aló bánbhláthach
  • Aloe arborescens — aló aille
  • Aloe aristata — aló guaireach
  • Aloe bakeri — aló Baker
  • Aloe bellatula — aló gleoite
  • Aloe calcairophila — aló cailciarrthach
  • Aloe compressa — aló leata
  • Aloe delphinensis — aló dauphine
  • Aloe descoingsii — aló Descoings
  • Aloe ferox — aló searbh
  • Aloe haworthioides — aló Haworth
  • Aloe helenae — aló Héiline
  • Aloe laeta — aló geal
  • Aloe parallelifolia — aló díreach
  • Aloe parvula — aló bídeach
  • Aloe rauhii — aló Rauh
  • Aloe suzannae — aló Susanna
  • Aloe variegata — aló tíograch
  • Aloe vera — an t-aló íceach
  • Aloe versicolor — aló ildathach
Crann aló ar Stampa an Bhatúim ó 1919.

Bhí aló le fail ar stampaí 1919 sa Bhatúim, leath-féinrialtach den Ghrúis i réigiún deisceartach na Cugais.

  1. “Aloe” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): fóifíneach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-05-30.