Asma Jahangir
Dlíodóir mór le rá agus gníomhaí ar son chearta an duine sa Phacastáin ba ea Asma Jahangir (27 Eanáir 1952 – 11 Feabhra 2018).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Choláiste Chinn Àird do Mhná i Lahore agus Choláiste Dlí Ollscoil na Puinseáibe ba ea í. Ligeadh Jahangir isteach chun cleachtadh, os comhair Ard-Chúirt Lahore sa bhliain 1980 agus os comhair Chúirt Uachtarach na Pacastáine sa bhliain 1982.[1]
Bhí Jahangir ar thús cadhnaíochta an bharra sa Phacastáin agus bhí sí ina hUachtarán ar Chumann Barra Chúirt Uachtarach na Pacastáine ó 2010 go 2012, an chéad bhean a bhí sa phost. Bhí sí cáinteach faoi na breithiúna Pacastánacha as a n-údarás breithiúnach a shárú agus gníomhú mar ionadaithe polaitithe an airm.[1]
Chomh maith leis an obair a rinne sí mar dhlíodóir, ghlac Jahangir páirt i roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhaineann le cearta na duine agus leis an troid ar son an daonlathais, amhail an Ghluaiseacht um An Daonlathas a Athbhunú, Gluaiseacht na nDlíodóirí, Fóram Gníomhaíochta na mBan agus Coimisiún na Pacastáine um Chearta an Duine (ar a raibh sí ina comhbhunaitheoir sa bhliain 1987 agus ina ceannaire ar feadh beagnach ceathrú céid.)
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, bhí Jahangir ina Rapóirtéir Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Bású Seachbhreithiúnach (1998-2004), maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh (2004-2010) agus maidir le Cearta na Duine san Iaráin (2016 go dtí go bhfuair sí bás).[1]
Bás agus tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stróc a thug a bás, ar 11 Feabhra 2018. Ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna a bronnadh an Nishan-e-Imtiaz, duais shibhialta is airde de chuid na Pacastáine, uirthi tar éis báis.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Asma Jahangir (1952-2018)". Dáta rochtana: 2022.