Camillo Golgi
Cuma
Bitheolaí cille a rugadh i gCorteno na hIodáile ab ea Camillo Golgi (7 Iúil 1843 – 21 Eanáir 1926).
D'fhionn sé coirpíní Golgi i gcealla ainmhithe de bhrí gur éirigh leis iad a ruaimniú le salainn mhiotalacha (a bhfuil finíocht acu leo) agus a dhéanamh feiceálach faoin micreascóp.
D'oscail a chuid taighde réimsí nua taighde ar an néarchóras, na horgáin chéadfacha, na matáin, agus na faireoga.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1906 le Santiago Ramón y Cajal as an saothar bunúsach ceannródaíoch seo. Fuair sé bás in Pavia na hIodáile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Camillo Golgi". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 327.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |