Jump to content

Cruachghreanadóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cruachghreanadóireacht

Is éard is cruachghreadadóireacht[1] ann ná teicníocht greanadóireachta chun cló a dhéanamh, a tugadh isteach sa 19ú céad, agus plátaí cruach á n-úsáid in ionad na seanphlátaí copair. Chun freastal ar an éileamh mór ar phictiúir an-choitianta a atáirgeadh a tugadh isteach iad, mar bhí siad níos crua fadsaolaí ná na seanphlátaí traidisiúnta. Ach bhí siad ródheacair a ghearradh is a ghreanadh. Faoi dheireadh, rinneadh na plátaí copair a leictreaphlátáil le cruach chun cuid de shochar na cruach a fháil.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cruachghreanadóireacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-22.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cruachghreanadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.