Díbheálaí
Cineál | lá saoire cóisir |
---|---|
Comóireann sé | foinse sholais, Laicsmí, maith agus eolas |
Lá | Ashvin Krishna Trayodashi (en) Ashvin Krishna Chaturdashi (en) Ashvin Amavasya (en) Kartik Shukla Pratipada (en) Kartik Shukla Dwitiya (en) |
Fad ama | 5 d |
Tír | an India, Fidsí, an Ghuáin, Oileán Mhuirís, Singeapór, Srí Lanca, Neipeal, Suranam, Maenmar, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus an Bhanglaidéis |
Codanna | |
Féile Hiondúch na soilse is ea Diwali nó Díbheálaí,[1] de ghnáth le linn mhí na Samhna (agus mí Dheireadh Fómhair uaireanta).[2] Baineann an dáta leis an ngealach agus athraíonn an dáta ó bhliain go bliain, de réir fhéilire na gealaí.
Is í an fhéile is mó san India í, ach bíonn daoine ar fud an domhain ag ceiliúradh freisin. Glaonn daoine Féile na Soilse ar Díbhealaí mar go mbíonn lampaí beaga ar lasadh.
Déanann muintir na hIndia ceiliúradh ar feadh cúig lá.[3] Ceiliúrann Suícigh agus Búdaithe áirithe an t-am seo chomh maith ar fud na Áise (úsáideann siad ainmneacha difriúla b'fhéidir).
Seasann an Fhéile seo do bhua na maithe ar an olc.[4] Ceiliúradh an fhómhair atá ann freisin.
Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mar chuid den fhéile seo, lasann daoine lampaí cré lán le híle;[5] Cuireann daoine na lampaí ar leac na fuinneoige sa teach.
- Cruthaíonn daoine pátrúin áille le gaineamh daite agus bláthanna.
- Déantar milseáin Indiacha nó ‘mithai’ le seimilín, plúr cruithneachta, plúr sciphiseánaigh nó bainne tiubhaithe. Déantar iad a chumhrú le spíosraí milse, cuirtear cnónna agus rísíní iontu agus múnlaítear iad ina gcearnóga agus ina gciorcail dhaite;
- An dán eipiciúil, an Ramayana a rá;[6]
- Gléasadh le haghaidh Diwali, cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha, bia a roinnt, dul chuig an Teampall agus Diva a lasadh, srl.[7]
Ceiliúradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fógraíodh ceannaireacht Rishi Sunak ar Díbheálaí,[8] [9] B'iontach an t-athrú é i scéal Sunak a chaill rás ceannaireachta na dTóraithe in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair 2022.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Oíche Shamhna
- Féile an Tiomnaithe
- Ramayana (dán eipiciúil)
- Féilire na gealaí
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Díbheálaí” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-13.
- ↑ "Diwali agus Samhain i dtuaisceart Bhéal Feirste" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ "Pósadh Diwali agus Samhain < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ cogg.ie (5 Nollaig 2012). "Eureka 9-10". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 Samhain 2021. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ ccea.org.uk. "Lón Anamaː Aonad Téamach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-04. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2013 by Conradh na Gaeilge - Issuu" (en). issuu.com. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ nicurriculum.org.uk. "Creideamh agus Solasː Aonad Téamach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-04. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Dewali
- ↑ "Rishi Sunak a bheidh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain agus rás na dTóraithe buaite aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-24.
- ↑ Bhí Sunak sa dara háit i dtoghchán na ceannaireachta sa samhradh 2022 nuair a vótáil baill an pháirtí Chaomhaigh. 81,326 vóta a bhí ag Truss sa toghchán sin agus 60,399 ag Sunak.