Gealach ghorm
Cuma
Imeartas optúil annamh ina mbíonn cuma ghorm ar dhiosca na Gealaí. Má bhíonn páirteagail le trastomhas 0.8-1.8 miocrón san atmaisféar—mar shampla, de thoradh brúchtadh bolcáin nó tine foraoise — scaiptear an solas dearg amach as an líne radhairc ach tagann an solas gorm isteach, agus bíonn cuma ghorm ar an nGealach. Tarlaíonn a leithéid maidir leis an nGrian freisin, agus feictear grian ghorm.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gealach ghorm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 309.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |