Gerhard Domagk
Cuma
Bithcheimicí a rugadh i Łagów na Polainne (Lagow sa Ghearmáin ag an am) ab ea Gerhard Johannes Paul Domagk (30 Deireadh Fómhair 1895 – 24 Aibreán 1964). Agus é ag déanamh taighde ar líocha is ceimiceán darb ainm prontasail, ag iarraidh na baictéir streipteacocais a dhíothú, fuair sé amach gur athraigh an prontasail go sulfainilimíd sa cholainn, de bhrí go raibh airíonna ceimiteiripeacha ag sulfainilimíd.
Bhí ceimiteiripe iontach nua aimsithe aige, agus chuir an t-oibreán seo go mór le teiripe ailsí ina dhiaidh sin. Bhuaigh sé Duais Nobel sa Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1939. Chuir rialtas na Gearmáine cosc air an duais a fháil an bhliain sin, ach bronnadh air é i 1947.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gerhard Johannes Paul Domagk". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 219.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin Pholainn é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |