Iarla Ó Lionáird
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meitheamh 1964 60 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Amhránaíocht agus ceol |
Gairm | amhránaí, léiritheoir ceirníní, cumadóir |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Real World Records |
Suíomh gréasáin | iarla.com |
Is amhránaí Éireannach é Iarla Ó Lionáird (rugadh 1964) ó Chúíl Aodha i gContae Chorcaí. Tá sé ar dhuine de na hamhránaithe sean nóis is mó cáil. Ghlac sé páirt sa bhanna ceoil Afro Celt Sound System, agus anois tá sé ina bhall den ghrúpa Gael-Mheiriceánach The Gloaming. Chas sé an t-amhrán "Casadh an tSúgáin" sa scannán Brooklyn i 2015.
Ba dhuine as dáréag páistí é agus thosaigh sé ag canadh agus é an-óg, lena chéad taispeántas poiblí ag cúig bliana d'aois. Bhí sé seacht mbliana d'aois nuair a rinne sé a chéad chraoltóireacht raidió. Ba bhall é de Chór Chúíl Aodha, an cór a bhunaigh Seán Ó Riada do ghuthanna fireann, mar bhuachaill agus lean sé ann go dtí a fhichidí. Tá cúpla albam aonair eisithe aige (mar shampla le Real World Records, Invisible Fields, eisithe i Lúnasa 2005).
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Iarla agus a dhlúthdhiosca Invisible Fields ar RealWorldRecords.com Curtha i gcartlann 2007-03-04 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |