Iontaise
Iarsma d'orgánach a bhí beo uair amháin atá iompaithe go cloch agus gafa go domhain i sraith íochtarach carraigeacha is ea iontaise. Ciallaíonn sé sin go raibh rud beo ann uair amháin ach go bhfuil sé athraithe go cloch agus gafa sa charraig anois.
Cumtar iontaise nuair a imoibríonn mianraí san uisce faoin talamh le creatlacha planda nó ainmhí, na mianraí seo ag glacadh páirte sa struchtúr in ionad dúl eile, ionas go gcruthaítear macasamhail den bhunphlanda nó an bunainmhí.
De bhrí go bhfuil na sraitheanna íochtaracha carraigeacha níos seanda ná na sraitheanna uachtaracha, ní mór gur ó thréimhse gheolaíoch níos seanda aon speiceas a fhaightear i sraith íochtarach ná ceann a fhaightear i sraith uachtarach.
Ó fhianaise seo na n-iontaisí, déanann na pailé-ointeolaithe staidéar ar éabhlóid na beatha ar Domhan, ó na hiontaisí is ársa — na halgaí gormghlasa a mhair timpeall 3,500 milliún bliain ó shin — go dtí na speicis bheatha atá ar Domhan inniu.
Iontaisí in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1980idí fuair an Dochtúir Éamon Doyle iontaise i gcarraig i gConamara[1]. Níor fhéach eolaithe ar an iontaise go dtí an bhliain 2017. Crosóg mhara a bhí inti. Bhí sí an-bheag agus tá sí 435 milliún bliain d’aois! Ní raibh na dineasáir féin ar an saol ag an am sin.
Léiríonn sé sin go raibh Conamara – agus Éire iomlán – faoin bhfarraige fadó fadó. Agus tá gaolta leis an gcrosóg mhara fós beo i bhfarraigí na hÉireann agus gan mórán athraithe orthu ó shin.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Eleathanach, 22 Eanáir 2018
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iontaise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |