Jacob Burckhardt
Ba staraí Eilvéiseach é Carl Jacob Christoph Burckhardt, a rugadh ar an 25 mí an Mhárta 1818 i mBasel san Eilvéis. Tá cáil idirnáisiúnta aige mar staraí ealaíne agus cultúrtha.
Bhí Burckhardt ar dhuine de scoláirí móra agus ba thábhachtaí sa naoú haois déag i stair chultúrtha agus stair na n-ealaíon, go háirithe ó ré na hAthbheochana idir na Meánaoiseanna agus an Ré Nua-aoiseach san Iodáil. Bhí sé ina ollamh ar ollscoileanna éagsúla ar feadh a shaoil sa Ghearmáin agus san Eilvéis, m.sh. ar Ollscoil Basel. Tá go leor leabhar scríofa aige freisin, ina measc an dá leabhar seo atá an-cháiliúl: Die Kultur der Renaissance in Italien, foilsithe sa bhliain 1860 agus Die Geschichte der Renaissance in Italien, foilsithe sa bhliain 1867.
Chaith Jacob Burckhardt na blianta deireannacha a shaoil i mBasel agus fuair sé bás san áit chéanna ar an 8 Bealtaine 1897.
Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
Burckhardt thart ar 1840.
-
J. Burckhardt: Die Kultur der Renaissance in Italien, foilsithe 1860, lch 6.
-
The Civilization of the Renaissance in Italy. Leathanach d'eagrán Béarla, foilsithe 1878.
-
Tá portráid de Burckhardt le feiceáil ar nóta bainc na hEilvéise de 1000 CHF sa lá atá inniu ann.