Joe Slovo
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Bealtaine 1926 Obeliai, An Liotuáin |
Bás | 6 Eanáir 1995 68 bliana d'aois Johannesburg, An Afraic Theas |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Witwatersrand |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, aire rialtais |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Chomhdháil Náisiúnta Afracach |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Céile | Ruth First (1949–1982) |
Páiste | Robyn Slovo, Shawn Slovo, Gillian Slovo |
Gradam a fuarthas
| |
Dlíodóir agus polaiteoir san Afraic Theas ab ea Joe Slovo (a rugadh Yossel Mashel Slovo; 23 Bealtaine 1926 – 6 Eanáir 1995).[1] Bhí sé ar na daoine is mó tionchair in aistriú na hAfraice Theas ón apairtéid go dtí an daonlathas ilchiníoch.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Slovo céim sa dlí (le gradam) de chuid Ollscoil Witwatersrand (áit a raibh sé in aon rang le Nelson Mandela).
Bhí Slovo ansin ar thús cadhnaíochta na ndlíodóirí a bhí ag troid i gcoinne dhaingniú an réimis apairtéid sna 1950idí agus sna 1960idí. Dúirt sé nár ullmhaigh a chéim go maith é le dlí a chleachtadh ach go bhfuair sé deis ar "creativity and some self-expression" tríd an ghairm.
Agus é ina bhall de Pháirtí Cumannach na hAfraice Theas sna 1950idí (a bhí faoi choim ag an am), chomhoibrigh sé go dlúth leis an gComhdháil Náisiúnta Afracach sa troid in éadan na cinedheighilte agus bhí an-tionchar aige ar Chairt um Saoirse de chuid an CNA, a chuir béim ar neamhchiníochas mar bhunús do thodhchaí na tíre.
Sa bhliain 1961, bhí sé ar na daoine a bhunaigh Umkhonto we Sizwe, eite mhíleata an CNA. Bhí sé ina ceann foirne air idir 1985 agus 1987.
Bhí Slovo ar deoraíocht ó 1963 go dtí 1990. Bhí sé ina chónaí i gCamden idir 1966-1978.
Feallmharaíodh a bhean, Ruth First, i Maputo sa bhliain 1982,[3] Giúdach chomh maith.[4]
Mar ardrúnaí (1986-91) agus cathaoirleach ar Pháirtí Cumannach na hAfraice Theas, bhí sé go mór chun cinn san idirbheartaíocht ba chúis leis an aistriú go dtí an daonlathas. Bhí sé ina Aire Tithíochta i gcomh-aireacht Nelson Mandela ó 1994 go dtí go bhfuair sé bás le hailse ar an 6 Eanáir 1995.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Joe Slovo" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-07.
- ↑ Alan Wieder (2013-07-01). "Ruth First and Joe Slovo in the War Against Apartheid" (as en). NYU Press.
- ↑ "Ruth First" (en). Jewish Women's Archive. Dáta rochtana: 2021-01-07.
- ↑ "South Africa's Joe Slovo Dies; Anc Leader Had `warm Jewish Heart'" (en-US). Jewish Telegraphic Agency (1995-01-09). Dáta rochtana: 2021-01-07.