Jump to content

Jules Verne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJules Verne

(1878) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Jules Gabriel Verne Cuir in eagar ar Wikidata
8 Feabhra 1828
Naoned, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Márta 1905
77 bliana d'aois
Amiens, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Diaibéiteas)
Áit adhlacthaCimetière de La Madeleine d'Amiens (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras - dlí (1847–1848)
lycée Georges-Clemenceau - reitric, fealsúnacht (1844–1846)
lycée Saint-Stanislas Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNaoned
Páras
Amiens
Maison de Jules Verne (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreDrámaíocht
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir litríocht pháistí, drámadóir, file, Easparantóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1850 –  1905
Ball de
SeánraFicsean eolaíochta, amharclannaíocht, úrscéal eachtraíochta, ficsean tuairimeach, filíocht, popular science literature (en) Aistrigh agus merveilleux scientifique (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaAn Fhraincis agus Esperanto
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileHonorine du Fraysne de Viane (1857–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMichel Verne Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPierre Gabriel Verne  agus Sophie Allotte de La Fuye
SiblínPaul Verne
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0894523 Allocine: 36921 Rottentomatoes: celebrity/jules_verne Allmovie: p311510 TCM: 349950 Metacritic: person/jules-verne TV.com: people/jules-verne IBDB: 11208 AFI: 90834
Youtube: UCf-SAMXUtfIQOA3QFpgUrJA Spotify: 1yMmXbw2JoJ0aFzp9UHHBq Musicbrainz: c547fc86-22c6-4056-ae83-ba976f510ec5 Songkick: 78940 Discogs: 615181 IMSLP: Category:Verne,_Jules Find a Grave: 2165 Cuir in eagar ar Wikidata
Meastar go bhfuil The Lighthouse at the End of the World ar cheann de na húrscéalta is fearr ar stáitse liteartha Verne.

Scríbhneoir úrscéalta éadroma eachtránaíochta ón bhFrainc a bhí i Jules Gabriel Verne (a rugadh i Naoned ar an 8 Feabhra 1828, agus a fuair bás in Amiens ar an 24 Márta 1905). Bhí Verne ina cheannródaí don fhicsean eolaíochta.

Tá Verne ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd

  • Voyage au centre de la Terre ("An Turas go Lárphointe an Domhain"),
  • De la Terre à la Lune ("Ón Domhan go dtí an Ghealach"),
  • Vingt Mille Lieues sous les Mers ("Fiche Míle Léig faoi na Farraigí"),
  • "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá" (bunsaothar: Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours; Tórna a d'aistrigh go Gaeilge) agus
  • L'Île Mysterieuse ("An tOileán Rúndiamhair"),

ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.

jardin des plantes. Nantes

Bhí Verne in ann aireagáin na fichiú haoise agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré.

Is iomaí tairngreacht dá chuid a tháinig isteach fíor i ndiaidh a bháis. Bhí sé ábalta cur síos a thabhairt ar fhomhuireán, ar spástaisteal, ar an Idirlíon agus ar na ríomhairí féin i bhfad sular tháinig a leithéidí ar an bhfód. Mar sin, fáidh a bhí ann, ar bhealach, nó sin mar a fheictear dá lán léitheoirí é inniu.