Lá Fhéile Mártain
Cineál | cothrom an lae lá saoire lá féile Críostaí féile reiligiúnach |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Mairtín de Tours |
Comóireann sé | Mairtín de Tours |
Lá | 11 Samhain |
Tír | an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Laitvia |
Meán cumarsáide | |
Codanna | |
Déantar ceiliúradh ar Naomh Mártain timpeall na hEorpa ar fad ar an 11 Samhain[1] nó Lá Fhéile Mártain. Ba naomh é Mártain, Mairtín nó Martín de Tours (a rugadh i 316 nó 336 i Savaria, Deoise an Phanóin) agus uncail Naomh Pádraig, is cosúil.
Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Ghearmáin siúlann páistí óga trí na sráideanna le laindéir ildaite ina lámha. Canann siad amhráin atá foghlamtha de ghlanmheabhair acu in ómós do Naomh Mártain[2]. Ar fud na Gearmáine bíonn mórshiúlta fairsing. Dráma beag ag léiriú scéal an Naomh agus an Bacach, agus ansin siúl le lóchrainn.
De réir an fhinscéil, chuaigh Mártain i bhfolach[3] i measc na ngé nuair a bhí muintir Tours ag iarraidh easpag a dhéanamh de dá ainneoin. Ach sceith na géanna air. Dá bharr sin a itear gé ar an 11 Samhain.
In Éirinn, bhíodh sé de nós ag seandaoine éan éigin ar nós gé, circe nó lachan a mharú an oíche roimh Lá Fhéile Mártain, an 10 Samhain, agus an fhuil a scaoileadh mórthimpeall chró na gcearc[4]. Luaitear sa scéal seo go gcuireadh gach duine den líon tí crosóg air féin[5] agus deiridís an méid seo a leanas:
“Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a tharrtháil is a chur ar ár leas;
is go mbeirimíd beó ar Fhéil Mhártain aríst.”
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ en.wikipedia.org (2018). "St. Martins Day Celebrations around the world".
- ↑ gaois.ie. "Lá Fhéile Mártain". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ aonghus.blogspot.com (2009). "Droch lá, más gé tú!". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ duchas.ie. "Nósanna". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ dúchas.ie (2018). "Naomh Máirtín".
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |