Mícheál Ó hAodha
Cuma
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Micheál Ó hAodha |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 31 Iúil 1918 Cill Dalua, Éire |
Bás | 26 Eanáir 1998 79 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Raidió, amharclannaíocht agus raidió |
Gairm | pearsa raidió, monaróir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Stiúrthóir léiriúcháin Raidió Éireann ab ea Mícheál Ó hAodha (1918–1998).[1] Bhí cáil air mar léiritheoir, drámadóir agus léirmheastóir. Bhuaigh sé an Prix Italia, duais idirnáisiúnta, sa bhliain 1961 le dráma raidió a bhunaigh sé ar The Weaver's Grave, gearrscéal le Seumas O'Kelly. Scríobh sé an script do chéad-gheamaireacht Amharclann na Mainistreach, Muireann agus an Prionsa, sa bhliain 1945. San amharclann chéanna a léiríodh a dhuaisdráma Ordóg an Bháis, 1943.
Scríobh sé mórchuid alt ar an drámaíocht agus ar chúrsaí liteartha. Foilsíodh leabhar leis, Plays and Places, sa bhliain 1961. Bhí aithne mhaith air ar fud na tíre mar mholtóir i bhféilte drámaíochta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó hAODHA, Micheál (1918–1998) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.