Jump to content

Neamhspleáchas na hAlban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

D'fhéadfaí a áiteamh go bfhuil leasa Albanachs faoi ghannionadaíocht i Rialtas na Ríochta Aontaithe.[1]

I Reifreann ar Neamhspleáchas na nAlban sa bhliain 2014, vótáil 55% den phobal in aghaidh an neamhspleáchais agus 45% ar a shon.

Nicola Sturgeon

De bharr reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an Aontas Eorpach, bhí rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE. Ach vótáil formhór mhuintir na hAlban i bhfabhar fanacht ann.[2]

Sa bhliain 2021, d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach. Is ar an mbonn sin, a deir náisiúnaithe, is cóir ceist an neamhspleáchais a chur ar Albanaigh arís.

I mí Iúil 2022, dúirt Nicola Sturgeon (ina ceannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban chomh maith le bheith ina Céad-Aire) go raibh rún ag Rialtas na hAlban reifreann ar neamhspleáchas na tíre a reáchtáil ar an 19 Deireadh Fómhair 2023. Agus mura dtabharfadh Rialtas na Breataine cead an reifreann a reáchtáil, chuirfeadh sí an cheist faoi bhráid Chúirt Uachtarach na Breataine.

Ar 23 Samhain 2022, rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine nach bhfuil an ceart ag Parlaimint na hAlban reifreann eile ar neamhspleáchas na tíre a fhógairt gan cead ón Rialtas in Westminster.[3] D’fhógair an Tiarna Robert Reed an cinneadh ar son na Cúirte agus dúirt sé gur cinneadh d’aon ghuth a bhí ann. Léirigh Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon a díomá agus dúirt sí go mbeidh an chéad olltoghchán eile mar reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.[4]

I mí Lúnasa 2022, chuir Liz Truss i leith Nicola Sturgeon gur ag iarradh aird a tharraingt uirthi féin a bhí sí agus reifreann ar neamhspleáchas na hAlban á éileamh aici. Dhearbhaigh Truss nach dtabharfadh sí a beannacht do reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.[2]

Ní raibh Sturgeon ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna agus bhí an leibhéal tacaíochta do neamhspleáchas na hAlban ag meath chomh maith i dtús 2023. D'éirigh Sturgeon as a post mar Chéad-Aire ar 15 Feabhra 2023. Bhí Sturgeon faoi léigear ag an am maidir le leasuithe conspóideacha ar an reachtaíocht a bhaineann le aitheantas inscne.[5] Buaileadh go dona an SNP leis, nuair a theip ar an bPáirtí bille trasinscneach a thabhairt isteach, bille a thabharfadh cead do dhaoine trasinscneacha a n-inscne a athrú gan gá le diagnóis shíciatrach.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Fiona Simpkins (2019-11-18). "Twenty Years of Devolution in Scotland: the End of a British Party System?" (as en). Revue Française de Civilisation Britannique. French Journal of British Studies XXIV (4). doi:10.4000/rfcb.4938. ISSN 0248-9015. 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-08-02). "Liz Truss cáinte faoi bhéim síos a thabhairt do Nicola Sturgeon" (as ga). 
  3. supremecourt.uk (23 Samhain 2022). "[https://www.supremecourt.uk/cases/docs/uksc-2022-0098-judgment.pdf JUDGMENTː REFERENCE by the Lord Advocate of devolution issues under paragraph 34 of Schedule 6 to the Scotland Act 1998]". Dáta rochtana: 2022.
  4. Conradh na Gaeilge (26 Samhain 2022). "Nuchat Mhall (An Clár)" (as ga-IE). 
  5. B’údar mór conspóide i dtús 2023 gur seoladh duine a ciontaíodh i mbeirt bhan a éigniú faoi ghéibheann i bpríosún do mhná agus an duine sin tar éis a fhógairt gur bean thrasinscneach í.
  6. Conradh na Gaeilge, Londain (18 Feabhra 2023). "Nuacht Mhall, (Ciarraí) (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-02-24.