Pink (Amhránaí)
Is amhránaí comhaimseartha Meiriceánach í Pink nó P!nk. Rugadh mar Alecia Beth Moore i nDoylestown, Pennsylvania í ar an 8 Meán Fómhair 1979.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]De oidhreacht Ghiúdach ab ea a máthair agus de bhunadh Gaelach, Gearmánach agus Liotuánach a hathair.
Thóg sí an t-ainm gairmiúil Pink, dár léi fhéin, mar gheall ar an éascacht is a thagadh spléachadh uirthi de bharr náire ina hóige.
Scar a tuismitheoirí is í in aois a seacht mbliana agus chuaigh an bhaint idir í fhéin agus a máthair in olcais ó shin. An toradh a bhí ar seo ná gur fhág sí teach a máthar in aois cúig bliana déag di.
Bhí caidreamh níos fearr aici lena hathair. Thart fán am seo thosaigh sí ag baint úsáid as drugaí mídhleathacha, ach tar éis tamaill bhig thug sí a cúl dóibh.
Is fán tréimhse seo atá a hamhrán Family Portrait. Phós sí Carey Hart sa bhliain 2006. Saolaíodh iníon dóibh ar an 3 Meitheamh 2011 agus ghlaoi siad Willow uirthi. Tá dlúthbhaint aici leis an eagraíocht PETA a fheidhmíonn ar son leasa ainmhithe.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheol sí a céad dlúthdhiosca, Can't Take Me Home, sa bhliain 2000. Seoladh an tarna dlúthdhiosca M!ssundaztood sa bhliain 2001 agus bhí an-rath air. Ní raibh toradh chomh hiontach leis an céad dlúthdhiosca eile Try This (2003). Thóg sí sos ansin go dtí gur sheol sí I'm Not Dead sa bhliain 2006 agus bhí an-tóir ar an dlúthdhiosca seo ar fud an domhain. Bhí fiche trí mhilliún dlúthdhioscanna díolta aici go dtí 2015.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Albaim Stiúideo
- Can't Take Me Home (2000)
- Missundaztood (2001)
- Try This (2003)
- I'm Not Dead (2006)
- Funhouse (2008)
- The Truth About Love (2012)
- Beautiful Trauma (2017)
- Hurts 2B Human (2019)
- Trustfall (2023)
- Albaim Díolama
- Missundaztood / Can't Take Me Home (2005)
- Pink Box (2007)
- Greatest Hits... So Far!!! (2010)
- The Album Collection (2011)
Camchuairteanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 2002: Party Tour
- 2004: Try This Tour
- 2006-2007: I'm Not Dead Tour
- 2009: Funhouse Tour
- 2010: The Funhouse Summer Carnival
- 2013-2014: The Truth About Love Tour
- 2018–2019: Beautiful Trauma World Tour
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |