Mhair Pogram Chív na bliana 1881 ar feadh trí lá. Thosaigh sé ar 26 Aibreán (7 Bealtaine), 1881 i gcathair Chív féin agus scaipeadh é go sráidbhailte sa réigiún máguaird. Lean ráigeanna foréigin ann go dtí an geimhreadh. Meastar gurb é pogram Chív an ceann is measa de na pograim a shéid trí Iardheisceart na Rúise Impiriúla i 1881.[1] Lean na pograim ar aghaidh i rith an tsamhraidh, ag scaipeadh ar fud chríoch na hÚcráine (mar atá inniu ann) lena n-áirítear Gobharnóireachtaí Podolia, Volyn, Chernigov, Yekaterinoslav, agus cinn eile nach iad. Go háirithe, ní dhearna údaráis an tsáir aon iarracht é a stopadh. Ina mhionstaidéar Russians, Jews and the Pogroms of 1881-1882, áfach, tháinig John D. Klier, ollamh le Stair na nGiúdach nua-aimseartha i gColáiste na hOllscoile, Londain, a chaith beagnach a shaol acadúil ar fad ag déanamh taighde ar shaol na nGiúdach i gcríoch faoi smacht na Rúise, ar an tuairim, a mhalairt ar fad, gur thug rialtas an tSáir orduithe go gníomhach agus go minic arís agus arís eile do na póilíní, agus don lucht míleata na pograim a chur faoi chois. D'fhoilsigh siad forógraí freisin a chuir cosc ar chíréibeacha frith-Ghiúdacha.[2]