Ríocht na Portaingéile
Ba mhonarcacht é Ríocht na Portaingéile (Laidin: Regnum Portugalliae, Portaingéilis: Reino de Portugal) ar Leithinis na hIbéire agus ba réamhtheachtaí na Portaingéile nua-aimseartha é. Bhí sé ann ón bhliain 1139 go dtí 1910. I ndiaidh 1248, tugadh Ríocht na Portaingéile agus na nAlgarve air freisin, agus idir 1815 agus 1822, tugadh Ríocht Aontaithe na Portaingéile, na Brasaíle agus na nAlgarve air. Cuirtear an t-ainm i bhfeidhm freisin ar Impireacht na Portaingéile go minic, coilíneachtaí fairsinge na Ríochta thar lear san áireamh.
Ba é 'Contae na Portaingéile' croílár stáit na Portaingéile, a bunaíodh sa 9ú haois mar chuid den Reconquista, ag Vímara Peres, a bhí ina vasáilleach de Rí Astúrias. Rinneadh an contae mar chuid de Ríocht de León sa bhliain 1097, agus bhunaigh na cuntaí iad féin mar rialtóirí de ríocht neamhspleách sa 12ú haois, i ndiaidh chath São Mamede. Rialaigh Teaghlach na Burgúine sa Phortaingéil nó an Ríshliocht Alfonso an ríocht go dtí gur tharla an Ghéarchéim sna blianta 1383-1385, roimh an mhonarcacht a bheith aistrithe chuig an Teaghlach de Avis.