Radaiteileascóp
Cuma
Sonraí bunúsacha | |
---|---|
In úsáid ag | réadlann radairéalteolaíochta |
Is éard is radaiteileascóp[1] ann ná córas aeróg íogair a ghlacann tonnta leictreamaighnéadacha a tarchuireadh ag réaltaí, réaltraí, is reanna spéire eile i bhfad amach uainn sa Chruinne. Glacann gnáth-theileascóp an raon tanaí tonnfhad leictreamaighnéadach ar a dtugtar solas infheicthe, ach is amhlaidh a astaíonn reanna spéire raon i bhfad níos leithne tonnfhad, an-chuid de dofheicthe do-bhraite ag gnáth-theileascóp. Mar sin, is féidir i bhfad níos mó reanna spéire a iniúchadh le radaiteileascóip ná gnáth-theileascóip, agus is féidir tonnchomharthaí a fháil leo a astaíodh go luath tar éis na hOllphléisce.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““radaiteileascóp” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Radaiteileascóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 546.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |