Robert F. Furchgott
Cuma
Cógaseolaí a rugadh i Charleston, Carolina Theas ab ea Robert F. Furchgott (1916-2009). Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1998 lena chomhghleacaithe Louis Ignarro is Ferid Murad as a gcúnamh i léiriú feidhm ocsaíd nítrigine mar chomharthamhóilin sa chóras cairdifeadánach.
Bhí an léargas seo tábhachtach i bhforbairt teiripí do ghalair croí, agus saothrú an druga Viagra.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Robert F Furchgott". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 297.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |