Suibiacht (fealsúnacht)
San fhealsúnacht, is éard is suibiacht ann ná neach a bhfuil comhfhios uathúil agus/nó eispéiris phearsanta uathúla aige, nó aonán a bhfuil gaol aige le haonán eile atá ann lasmuigh de féin (an “oibiacht”).
Is breathnóir í an tsuibiacht agus breathnaíonn sí ar an oibiacht. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcoincheap seo i bhfealsúnacht na Mór-Roinne, áit a n-imríonn “an tsuibiacht” ról lárnach i ndíospóireachtaí ar nádúr an duine féin.[1] Tá nádúr na suibiachta lárnach freisin i ndíospóireachtaí ar nádúr na taithí suibiachtúla laistigh de thraidisiún Angla-Mheiriceánach na fealsúnachta anailísí.
Freagraíonn an t-idirdhealú dian idir suibiacht agus oibiacht don idirdhealú, i bhfealsúnacht René Descartes, idir smaoineamh agus sínteacht. Chreid Descartes gurb í an smaointeoireacht (suibiachtúlacht) croílár na hintinne, agus gurb í an tsínteacht (spás a thógáil) croílár an ábhair.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Heartfield (2002). “Postmodernism and the 'Death of the Subject'”. The Death of the Subject. Dáta rochtana: 28 March 2013.
- ↑ Descartes. "The Principles of Philosophy". Dáta rochtana: 19 July 2016.