Jump to content

Cúcabarra tarr-ruadhonn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCúcabarra tarr-ruadhonn
Dacelo gaudichaud Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais143 g Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál2 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22683199 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCoraciiformes
FineAlcedinidae
GéineasDacelo
SpeiceasDacelo gaudichaud Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál tacsanomaíochDacelo Cuir in eagar ar Wikidata

Is speiceas cúcabarra a fhaightear go forleathan i bhforaoisí ísealchríocha na Nua-Ghuine é an cúcabarra tarr-ruadhonn[1] (Dacelo gaudichaud). Is é an luibheolaí Francach Charles Gaudichaud-Beaupré a rinne an chéad chur síos ar an éan seo nuair a bhaist sé an t-ainm kookaburra Gaudichaud as a ainm féin air i dtosach báire.

Is éan dubhchaipíneach é le sciatháin a bhfuil imir ghorm orthu agus tá dath tarr-ruadhonn ar ucht agus eireaball an éin seo. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir é agus cúcabarraí eile agus gob bán air a fhad agus atá goba dubha ar na cúcabarraí eile.[2] Tá gob dúliath ar na héin óga, áfach. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir an dá ghnéas amhail an cúcabarra gormeiteach trí fhaire ar dhath a n-eireaball atá gorm ar na fireannaigh agus tarr-ruadhonn ar na baineannaigh agus na héin óga. Tá an cúcabarra tarr-ruadhonn níos lú ná speicis chúcabarra[3] eile agus é thart ar 143 g (5.0 unsa) agus 28 cm (11.0 or)[4] i bhfad i gcomparáid le meáchan 335g (11.8 unsa) agus fad 46 cm (18.1 or) an chúcabarra gháiriteach. In ainneoin dhifríochtaí ollmhóra na méideanna, tá cáil ar an chúcabarra tarr-ruadhonn as na hibridí (neamhthorthúla) a chruthaíonn se le chuile speiceas chúcabarra eile,[5] cé go léiríonn staidéir ghéiniteacha gurb é an speiceas is faide amach den chúig speiceas cúcabarra.[5]

Tacsanomaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an cúcabarra seo neamhghnách sa mhéid is go n-aimsítear i bhforaoisí báistí dlútha (seachas an talamh oscailte ab fhearr le cúcabarraí eile) é agus nach mbíonn cónaí air i ngrúpaí teaghlaigh phóraithe chomhoibrithigh ach go haonarach nó i bpéirí agus iad ag pórú. Is féidir cúcabarraí tarr-ruadhonna a aimsiú i meánstór na foraoise báistí trópaicí, áit a eitlíonn siad go díreach agus go sciobtha óna fhara chun feithidí móra a ghabháil ó chrainn. [4] In ainneoin a n-eitilte dírí, tá na cúcabarraí tarr-ruadhonna in ann cor agus casadh go géar timpeall na gcrann sa ghnáthóg is acu. Is eol dúinn go seilgeann siad veirteabraigh bheaga chomh maith ach ní ba mhinice ná na cúcabarraí coille agus is iomaí uaire a phlódaíonn éin níos lú timpeall orthu nuair a chreachann siad ar a gcuid uibheacha nó éan óg.[2] Bíonn fireannaigh an-ionsaitheach agus iad ag cosaint a ndúiche a bhíonn méid idir 2 go 2.5 he (4.9 go 6.2 acra) ar an mheán agus is go foréigneach a throideann siad in aghaidh ionróirí.

Creatlach

Póraíonn an cúcabarra tarr-ruadhonn i ndumhaí teirmití cosúil lena ngaolta níos mó. Bíonn a gcuid póraithe ar siúl ó mhí Bealtaine go mí Dheireadh Fómhair ach ní minic a scaipeann na héin óga amach go dtí mí Feabhra agus ní aithnítear go ndéanann siad dara iarracht áil in aon bhliain amháin.[6] Beirtear dhá ubh bána, cé nach eol fad na tréimhse goir dúinn.

  1. “cúcabarra tarr-ruadhonn” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-16.
  2. 2.0 2.1 Roy John (1993). "Kingfishers, Bee-eaters, and Rollers, by Hilary Fry, Kathie Fry, and Alan Harris [Review]". The Canadian field-naturalist 107 (3): 384–385. doi:10.5962/p.357170. ISSN 0008-3550. 
  3. John B. Dunning Jr. (2007-12-05). "CRC Handbook of Avian Body Masses". doi:10.1201/9781420064452. 
  4. 4.0 4.1 Morten Strange, Bee Choo Strange (2023-08). "Birds of Singapore". Peace with Nature: 307–314. WORLD SCIENTIFIC. 
  5. 5.0 5.1 "McCarthy, Sir Mortimer (Eugene), (7 July 1890–16 May 1967)" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press. 
  6. Roy John (1993). "Kingfishers, Bee-eaters, and Rollers, by Hilary Fry, Kathie Fry, and Alan Harris [Review]". The Canadian field-naturalist 107 (3): 384–385. doi:10.5962/p.357170. ISSN 0008-3550.