Tá ana-dhealramh ag an gKraut-Mick sin Tom Hagen le Caoimhghín Ó hUigín TD, Aire Dlí agus Cirt chéadrialtas an tSaorstáit agus réabhlóidí caomhach féin-admhaithe. Agus nuair a chuimhníonn tú ar na básanna a d'ordaigh an tUigíneach agus an bás a fuair sé féin ina ndiaidh, nach bhfuil a gcosúlachtaí féin acu sin lena dtarlaíonn san Athair Baiste
Favorite films
Recent activity
AllRecent reviews
MorePopular reviews
More-
-
Under the Skin 2013
Aduantas, áilleacht, eagla in Albain lom na léithe.
Ré mo dhéaga os mo chomhair mar thréimhse staire. An duairceas do-inste dár thagair Mark Fisher. Ionaid siopadóireachta, mótarbhealaí, droch-chlubanna oíche. Gan aon tearmann sa dúlra atá rógharbh, leathmharbh.
Gné na hinscne, mianta collaí – coscairt creiche seachas cúrsaí croí.
Bá le heachtrán, coimhthíos leat féin.
Sea chuaigh faoin gcraiceann, chuaigh go smior.